(Teideal an dáin)

An Rós - an saol i mbláth

Tá na bláthanna go h-álainn

Idir boladh agus dath

Ach tá ceann amháin a léiríonn

Go bhfuil an saol seo ina leath.

 

Leath a bhreathnaíonn suas

agus leath a bhreathnaíonn síos

leath a chloiseann fuiseog

Agus leath a chloiseann gíosc.

Leath a labhrann moladh

agus leath a labhrann cáin

leath a bhlaiseann mil

agus leath a bhlaiseann gráin.

Leath a thomhaiseann leathan

agus leath a thomhaiseann caol

leath a fheiceann deis

agus leath a fheiceann baol.

  

©      (Art Ó Súilleabháin)