(Teideal an dáin)

Smaois

 
Snot.jpg

An leaid seo taobh liom sa rang

Bíonn a mhéar de shíor ina shrón

As sin ar ais chuig a bhéal

Ní bhíonn gá ar bith le lón.

 

Ní thuigeann sé in aon chor

go bhfuil a bhéasaí salach 

agus go mba chóir dó i gcónaí

a smuga a choinneáil i bhfolach..